Folow us on social media

Sign up to our mailing list

Tabharfar gradam do Bharr-50, idir dhaoine aonair agus chomhlachtaí, a rinne ceannródaíocht ar ghnó le Gaeilge, ag ceiliúradh bliaintiúl Gradaim Barr 50 Gnó le Gaeilge, sa Mansion House, Baile Átha Cliath, Dé hAoine, 14 Bealtaine 2010.

Is iad an Barr-50 a ainmneofar
Gnónna atá lonnaithe sa Ghaeltacht nó a oibríonn trí mheán na Gaeilge
Ceannasaithe gnó a aithnítear mar thacadóirí na Gaeilge
Gnónna a bhaineann úsáid as an Ghaeilge mar uirlis mhargaíochta nó a sholáthraíonn seirbhís as Gaeilge
Bronnfar Gradam Gaisce ar sheisear den Bharr-50 ag an lón gradam

Ina measc siúd a gheobhaidh an gradam ar leith seo, beidh:
Fiontraí Gaeilge na bliana
Comhlacht nó duine aonair san earnáil phoiblí a bhaineann an úsáid is éifeachtaí as an Ghaeilge mar uirlis mhargaíochta
Comhlacht nó duine aonair san earnáil phríobháideach a bhaineann an úsáid is éifeachtaí as an Ghaeilge i soláthar seirbhíse
Comhlacht nó duine aonair a léiríonn nuálaíocht agus úrsmaoineamh sa ghnó trí úsáid na Gaeilge
Comhlacht nó duine aonair, lonnaithe sa Ghaeltacht, a bhaineann sár-úsáid as an Ghaeilge sa ghnó

Déanfar Gradaim Bharr-50 Gnó Le Gaeilge a chomóradh trí iris faoi leith a fhoilsiú ina ndéanfar cur síos ar an Bharr-50 agus a gcuid éachtaí.

50 top individuals and companies who have pioneered business as Gaeilge are to be honoured at a unique celebration in the Mansion House, Dublin on Friday 14th May 2010.

Our Top 50 nominees will be:
Businesses based in the Gaeltacht or which operate in Irish
Business leaders who are recognised as advocates for Irish language
Businesses which use Irish as a marketing tool or provide services in Irish
Six of our Top 50 will be awarded with Special Achievement Awards at the gala luncheon.

Among those receiving this special accolade will be:

Entrepreneur of the year
A company or individual in the public sector which makes the most effective use of Irish as a marketing tool
Company or individual in the private sector which makes the most effective use of Irish in service provision
A company or individual which shows innovation and fresh thinking in their business by using the Irish language
A company or individual located in the Gaeltacht which makes outstanding use of the Irish language in business

The Top 50 Business as Gaeilge awards will be marked by the publication of a special magazine profiling our Top 50 and celebrating their achievements