Folow us on social media

Sign up to our mailing list

 

Faoin Chomhlacht

Tá comhlacht léiriúcháin Gaeilge bunaithe ag Grúpa Meán Bhéal Feirste – Bóthar Ard. Tá sé coimisiún bainte amach ag an chomhlacht nua go dtí seo.

Bhí an chéad sraith uaidh ‘Dúshlán’ le feiceáil ar TG4, Mí Éanair 2012. Craoladh an Chathair Ghonta, a d’inis scéal Bhéal Feirste 1912-2012 i Mí Éanair 2013. Tá obair ar bun faoi láthair ar ceithre chlár faisnéise uair a chloig, ina measc , ‘An Féidir Linn?’, áit a ndearcfaidh Tom Trainor, ceannasaí Institiúid Margaíochta na hÉireann, ar athbheochan na Gaeilge; ‘Na Fíréín. Arís!’, ina dtógtar an grúpa rac-cheoil Na Fíréín ar ais le chéile tar éis 25 bliain; ‘Niall Óg’, a chasann súil siar ar bhliain oifige an tArd Mhéara is óige riamh i mBéal Feirste’.

Tá choimisiún buaite ag Bóthar Ard fosta le haghaidh trí chlár sa tsraith Cogar do TG4. ‘Des Wilson – Ár nAthair’, ‘Clára Nic Goill – Crosáid Chlára’, ‘Niall Mac Giolla Bhuí : Hasadaeigh ar Triail’. Inseoidh gach clár scéal na daoine spreagúla seo.

Ba mhaith le Bóthar Ard a bheith ag obair le proifisiúntóirí féinfhostaithe a bhfuil taithí acu in earnáil na teilifíse, go háirithe stiúrthóirí agus ábhar stiúrthóirí a bhfuil Gaeilge acu, agus a bhfuil suim acu a bheith i bpáirt leis an chomhlacht le tabhairt faoi thograí nua sna ceithre bliana romhainn.

Má spéis leat labhairt le Bóthar Ard, gabh I dteagmháil le Máirtín Ó Muilleoir ag m.omuilleoir@belfastmediagroup.com

Cláir

Dúshlán (Sraith)

Dúshlán : An Saighdiúr – Sáirsint Séamus Ó Fianghusa

San chéad eagrán de sraith cheithre chláir caithear súil ar an tSáirsint Séamus Ó Fianghusa, Gaeilgeoir as Nua-Eabhrac, Meiriceá, ag tabhairt aghaidh ar a phost mar Shaighdiúr agus é imlonnaithe go dtí an Afganastáin. An obair a bhíonn ar bun aige amuigh ann agus an chaoi a gcaiteann na daoine dúchasach leis féin agus a chomhghleacaithe. Taispéaineann sé freisin an bhaint agus an ghrá atá aige do Ghaoth Dobhair agus cultúr na Gaeilge in Éireann. An ndéanfaidh sé téarma eile mar shaighdiúir san Afganastáin nó an mbuailfidh sé bóthar ar ais go hÉireann?

Stiúrthóir: Sonia Nic Giolla Easbuig

Eagarthóir: Dáithí Connaughton

Cómhlúcht Léiriúcháin: Bóthar Ard

Dáta Craolta: Éanair 2012

 

Dúshlán : An Fiontraí – Niall Ó Muilleoir

Sa dára clár den tsraith insitéar scéal Niall Ó Muilleoir, Iar Phreas-Oifigeach Fhine Gael, atá anois ina chónaí go lán-aimseartha i Nua-Eabhrac ó 2005, agus é ag triail infheisteoirí na Stáit Aontaithe a mhealladh chuig comhluchtaí úra Éireannacha. Le súil ghéar aige ar stocmhalartán na tíre, feictear é ag taisteal ó chósta go cósta i Meiriceá chun na margaidh seo a chur i gcríoch. Le aidhm nua aige, maoiniú a ainsiú do chomhlacht as Corcaigh d’arbh ainm Ocean Energy, comhlucht a thiontaínn fuinneamh na mara go fuinneamh leictreach a choinneáil ar bharr na dtoinn. An éireoidh leis?

Stiúrthóir: Sonia Nic Giolla Easbuig

Eagarthóir: Dáithí Connaughton

Cómhlúcht Léiriúcháin: Bóthar Ard

Dáta Craolta: Éanair

 

Dúshlán : An Taiscéalaí – Daithí Ó hEorgan

Tá ceannasaí Clontarf Energy, fear ó Bhéal Feirste ó dhúchás, Daithí Ó hEorgan, i mbun oibre i Meiriceá Theas sa Bholaiv agus Peiriú agus é ar thóir ola agus gas nadúrtha ann. Leantar é isteach i gcroílár na tíortha iarghúlta seo agus é ag triail forbairt a dhéanamh ar an tionscnamh nua seo. Feictear na deacrachtaí uile a bhíonn aige i rith a chuid taisteal agus insíonn sé faoin heachtra a tharla ann a bheagnach a thóg a saol uaidh. Le Uachtarán An Bholaiv ag dibriú na comhluchtaí ola as an tír an mbeidh cead ag Daithí agus ag Clontarf Energy, a scíth a ligean ann?

Stiúrthóir: Sonia Nic Giolla Easbuig

Eagarthóir: Dáithí Connaughton

Cómhlúcht Léiriúcháin: Bóthar Ard

Dáta Craolta : Éanair 2012

 

An Gníomhaí – Gearóid Ó hEára

Nuair a bhí Gearóid Ó hEára ina leaid óg curtha ina leith agus dhá chara leis go ndéarna siad ionsaí ar an RUC, leis an bhaol ann go mbeadh tréimhse sé mhí rompú sa bpriosúin bhí a bplean féin acu chun na cillíní a sheachaint.

Tá céim ullmhór sroichte anois aige agus é ar Bhord Póilíneachta Thuaisceart Éireann le cheithre bliana anuas. Rud sna blianta fada siar nár shíl sé go mbeadh sé in ann a dhéanamh riamh. Agus é ag caith súil ar shuíochán mar Chathaoirligh an Bhord Póilíneachta an dtiocfaidh a chuid eachtraí ó na blianta roimhe aniar a dtuath air chun a chuid dóchais a mhúchadh?

Stiúrthóir: Sonia Nic Giolla Easbuig

Eagarthóir: Dáithí Connaughton

Cómhlúcht Léiriúcháin: Bóthar Ard

Dáta Craolta : Éanair 2012

 

An Chathair Ghonta

Léiritear sa gclár seo an bóthar atá taistealta ag Béal Feirste le céad bliain anuas. Ceantar scartha a bhí, agus atá fós, inti den chuid is mó ach feictear na pointí is measa a bhí aici idir na Caitlicigh agus na Protastúnaigh ó thaobh na trioblóidi de agus an obair atá á dhéanamh anois chun deireadh a chur leis an seicteachas seo. Insítear faoin tragóid atá feicithe ag an dá taobh agus an chaoi a mbraitheann siad faoin scoilt seo ina gcathair dhúchais. Caithear súil ghéar freisin ar na heachtraí uile a thug muintir Bhéal Feirste agus na hÉireann uile le chéile, leithid tógáil an Titanic agus an Chéad Cogadh Domhanda. Labhraítear faoi na céimeanna atá tógtha thar na blianta chun an síochán a choinneáil, agus fiafraítear an cheist, an cheart iad seo a bhaint anois, an bhfuil siad ag déanamh níos mó dóchar ná maith?

Stiúrthóir: Tomás Seoige

Eagarthóir : Aonghus Geogehegan

Láithreoir : Ainle Ó Cairrealáin

Dáta Craolta: 5ú Éanair 2013

 

Niall Óg

Leantar Niall Ó Donnghaile ar feadh bliana agus é nua-thofa mar Ard-Mhéara Bhéal Feirste. Tugann an clár seo radharc speisialta don lucht féachana ar chéard go díreach a bhíonn ar bun ag an Ard-Mhéara ó lá o lá. Go náisiunta agus go h-idirnáisiúnta. Léirítear an méid a bhíonn ar a aire, idir na h-ócaidí sóisialta agus na roghanna tromchúiseacha a bhíonn le déanamh aige.

Stúirtheoir : Siobhán Ní Chiobháin agus Sonia Nic Giolla Easbuig

Egarthóir : Éamonn Ó hAdhmail / Imagine Media

Dáta Craolta : Le déimhniú

 

Na Fíréin – Arís (iarléiriú)

 

Is banna rac-cheoil Gaeilge é Na Fíréin a bunaíodh sa bhliain 1984. Bhunaigh Colm Mac Séalaigh Na Fíréin i Mí na Bealtaine 1984 le comhbhaill Eoin Smith, Gearóid Ó Murchú agus Franny McBride. B’iarracht a bhí ann an chéad fhíor racbhanna a chanadh trí mheán na Gaeilge a chur ar an bhfód. Scríobh Colm féin lear mhór d’amhráin an bhanna, an t-amhrán is cáiliúla acu “Tír na nÓg” san áireamh. Is amhrán é atá anois ina chlasaic cultais agus atá ar eolas ag duine ar bith a chaith seal ar chúrsa samhraidh Gaeltachta in Éirinn le fiche bliain anuas.

Tugann an clár seo léargas speisialta don bhanna ón chéad lá ar sheas siad le chéile ag seinm go dtí an lá atá inniu ann. An éifeacht a bhí acu ar saol na Gaeilge agus na daoine uile ar éist lena cuid ceoil. Caithear súil ar an cháill ollmhór a bhí agus atá fós orthu idir óg agus aosta le agallaimh lena clainn agus cairde ar fad. Nuair a chuireann an banna ceolchoirm speisialta ar siúil i mBéal Feirste is leor go bhfuil siad fós breá ábalta an lucht éisteachta a choinneáil ag racáil. An ea seo tús le ré-nua do Na Fíréin?

 

Stúirthóir : Tomás Seoige

Eagarthóir : Aonghus Geogehegan

Dáta Craolta : Le deimhniú

 

An Féidir Linn? Tom Trainor    (Earrach 2013)

Sa tsraith seo caitheann an saineolaí gnó agus margaíochta mór le rá, Tom Trainor a shúil ghéarchúiseach ar iarrachtaí Rialtais, thuaidh agus theas, an Ghaeilge a chur chun cinn.  Baineann sé leas as a thaithí agus a oiliúint ghairmiúil agus é ar cuairt chuig na críocha Ceilteacha eile ag meas a n-iarrachtaí athbheochana teanga agus molann roinnt beartas  a rachadh go mór chun tairbhe in Éirinn, dar leis.

Ní lia duine ná tuairim faoi leas nó aimhleas na scéimeanna agus an chur chuige atá molta d’athbheochan na Gaeilge.   Cuma cén plean nó straitéis a leagtar amach, beidh siad ann a cháinfidh é nó a thabharfaidh le fios nach dtuigeann an dream a dhréachtaigh é an fhadhb nó an saol mar atá.

Is é Tom Trainor Príomhfheidhmeannach na hInstitiúide Margaíochta in  Éirinn agus tá taithí fhada fhairsing aige ar an saol gnó.  Is Gaeilgeoir líofa é freisin a bhfuil meas agus gean aige ar an teanga agus tuiscint ar an leas atá léi sa saol gnó.  Seo leis anois ar thuras fionnachtana agus comparáide – go hAlbain, chun na Breataine Bige agus go Tír na mBascach, áiteanna ina bhfuil cur chuige eile acu d’athbheochan teanga.

Fuair an togra seo maoiniú ón scéim Fuaim agus Fís ag Údarás Craolacháin na hÉireann.

Stiúrthóir : Cóilín Ó Scolaí

Eagarthóir : Aonghus Geogehegan

Stiúrthóir Fótagrafaíochta : Rónán Fox

Dáta Craolta : Earrach 2013 

Joseph Campbell/ Seaosamh MacCathmhaoil (faoi léiriú)

Insíonn an  stúirtheoir mór le rá, Macdara Vallely (Baby Girl), atá cónaí air sa Bronx faoin scéal Sheosaimh Mhic Chathmaoil, an tírghrátheoir,  file, aisteoir, drámadóir, polaiteoir, príosúnach agus réabhlóidí.

Stiúrtheoir/ Láithreoir : MacDara Vallely

Eagarthóir : Gerard Brady

Stiúrthóir Fótagrafaíochta : Nuria Roldoss

Dáta craolta: Le deimhniú