Tá mórán ráite agus scríofa faoi na mórdheacrachtaí a bhaineann le seal an scartha amach. Baol amháin a bhaineann leis na srianta fisiciúla atá orainn ná go dtiocfaidh suaitheadh intinne nó lionn dubh orainn. Caithfimid aire a thabhairt don mheabhairshláinte agus tá bealaí éagsúla ann leis sin a dhéanamh.

Tá trialacha eolaíochta déanta a chuireann fianaise ar fáil ar na buntáistí a bhaineann le machnamh a chleachtadh. Rud maith faoi ná gur féidir é a dhéanamh áit ar bith, am ar bith agus nach bhfuil aon trealamh speisialta de dhíth ach oiread.

Cuidíonn machnamh linn an strus a laghdú, rud a chabhraíonn linn codladh níos fearr agus bheith níos gléiní inár gcuid smaointeoireachta.

Gráinne Ní Ghilín: Maolaíónn an imní mar thoradh ar an mhachnamh
3Gallery

Gráinne Ní Ghilín: Maolaíónn an imní mar thoradh ar an mhachnamh

Deir daoine go maolaíonn an imní mar thoradh ar an mhachnamh agus nach mbíonn an oiread céanna drochsmaointe acu ná drochmhothúcháin orthu. Laghdaíonn sé taomanna scaoill fosta, a deir siad.

Tá cuid mhór cosúlachtaí ann idir tréimhse seo an aonaraithe sa bhaile agus dianchúrsa machnaimh a dhéanamh. Cuirim i gcás na cúrsaí ar ar fhreastail mé san Ind le beagnach scór bliain anuas. Maireann siad idir fiche agus daichead lá agus bíonn rialacha dochta i bhfeidhm, cuid acu a chuireann alltacht ar dhaoine nuair a insím dóibh fúthu! Ní thig leo a shamhlú go dtiocfadh leat fanacht i do thost ar feadh beagnach sé seachtaine. Nó nach n-amharcfá ar an teilifís. Nó nach gcluinfeá nuacht ar bith.

Ach tá tuigbheáil agus taithí anois againn uilig ar ghnéithe eile den dianchúrsa machnaimh – daoine eile a sheachaint, fanacht amach as siopaí agus bialanna, gan a bheith ag imeacht rófhada as baile. Nach iontach mar atáimid in ann dul i gcleachtadh ar ord nua an tsaoil nuair is gá.

Tá an rialtacht agus deasghnáthaimh ina ngnéithe lárnacha de chúrsaí Zen, agus tá ceacht anseo a éascóidh an saol dúinn san aimsir seo. Bíonn an clár ama céanna ann gach uile lá. Éiríonn tú ag am ar leith, bíonn béilí ann ag an céanna, agus tosaíonn agus críochnaíonn gach seisiún machnaimh ar an phointe de réir an sceidil. Bíonn tascanna beaga le déanamh ag na rannpháirtithe fosta, mar shampla an halla a ghlanadh, áit an tae agus an chaife a choinneáil néata nó bláthanna a chur ar an altóir.

Tá cúpla cuspóir leis an righne. Coinníonn sé eagar ar chúrsaí, go háirithe nuair atá grúpa mór daoine i gceist. Ar leibhéal níos doimhne, tá ceansú aigne le baint as disciplín agus as struchtúr a bheith ar an lá. Nuair a chaithfidh tú bheith ar do chúisín sula ndruidfear doirse an zendo, nuair nach bhfuil ach méid áirithe ama ar fáil gach lá faoi choinne aclaíochta, is lú an dóchúlacht go rachaidh d’aigne chun sioparnaí agus tá seans níos fearr ann go bhfanfaidh tú sásta, spreagtha, sláintiúil.

Paul Haller as Baile Andarsan, duine de bhunaitheoirí Lárionad Zen an tSléibhe Dhuibh i mBéal Feirste
3Gallery

Paul Haller as Baile Andarsan, duine de bhunaitheoirí Lárionad Zen an tSléibhe Dhuibh i mBéal Feirste

Mar sin, moltar clár ama laethúil a dhéanamh amach agus do dhícheall a dhéanamh cloí leis oiread agus is féidir. Ná bí róchrua ort féin má thiteann sé as a chéile – thig leat teacht ar ais chuige ar ball.

Maidir leis an mhachnamh féin, tá cleachtaí iomadúla éagsúla ann. Ach murar bhain tú triail as riamh, seo cúpla leid.

Cuir deich mbomaite ar leataobh don mhachnamh amháin. Suigh ar chathaoir nó ar chúisín le do dhroim deas díreach. Dírigh d’aird ar d’anáil. Lean an anáil de réir mar a théann sí isteach agus amach as do chorp. Ní gá an t-análú a athrú ar dhóigh ar bith, díreach é a thabhairt faoi deara. Le gach anáil amach, samhlaigh go bhfuil tú ag scaoileadh leis an teannas agus leis na laincisí imní atá ort. Má imíonn d’aird ar strae, ná bí buartha. Tar ar ais go deas séimh chuig an anáil.

Bain triail as seo ar maidin agus sula dtéann tú a luí san oíche. Déan gach lá é agus mothóidh tú an difear taobh istigh de sheachtain.

Anois, druid do shúile agus ceap do shuaimhneas.