[audio mp3="http://belfastmediagroup.com/wp-content/uploads/2020/04/200409-Éachtaí-san-Oideachas.mp3"][/audio]

PODCHRAOLADH: Cliceáil ar an nasc thuas le héisteacht le Gráinne

Mí ó shin, ní raibh iomrá cluinste ag go leor againn ar aipeanna mar Seesaw, Class Dojo ná Google Classroom. Fán am seo, áfach, tá múinteoirí agus daltaí araon go maith ar na bonnaí i réimse na cianfhoghlama.

Mhínigh múinteoir amháin dom go raibh col aici riamh le cúrsaí teicniúla, ach taobh istigh de chúpla seachtain go raibh éirithe léi ceachtanna casta a chur i gcrích, tráth na gceist ranga mar shampla.

 GRÁINNE NÍ GHILÍN: Moladh mór tuillte ag múinteoirí[/caption]
3Gallery

GRÁINNE NÍ GHILÍN: Moladh mór tuillte ag múinteoirí[/caption]

Cuimhnímis go bhfuil cúraimí teaghlaigh ar chuid mhór múinteoirí agus go gcaithfidh siad an dá thrá a fhreastal. Tá dalta amháin ar m’aithne a dhéanann rang Gaeilge ar a naoi a chlog san oíche – i ndiaidh don mhúinteoir a leanbh óg a chur a chodladh. Is maith mar a léiríonn na daltaí foighde agus comhthuiscint ar a múinteoir.

Tá lucht bainistíochta na scoileanna ag dul i ngleic le dúshláin riaracháin agus chumarsáide. Caithfear a chinntiú go bhfuil gach dalta in ann logáil isteach, go gcosnaítear príobháideachas na bpáistí agus go bhfuil tuismitheoirí ar an eolas faoin chlár ama beotheagaisc.

Dúirt Maighréad Ní Chonghaile, príomhoide Ghaelscoil Éanna, go bhfuil “achan duine iontach gníomhach agus gnóthach i mbun cianfhoghlama” agus go bhfuil daltaí “ag fáil tairbhe agus taitnimh” as.

“Éacht ollmhór atá taobh thiar de sin – nílimid cleachta leis an dóigh seo, go háirithe ag leibhéal na bunscolaíochta. Ar a bharr sin, tá obair bhreise i gceist san earnáil s’againne ó thaobh áiseanna de,” ar sí.

Tá moladh mór ag dul do na múinteoirí as na leasuithe atá déanta acu agus is cinnte mbeidh modhanna múinteoireachta á bhforbairt acu a fhóireann don mheán nua teagaisc sna seachtainí atá amach romhainn.

Feighlíocht


Tá scoileanna ó thuaidh oscailte le freastal ar pháistí eochairoibrithe. Níl teagasc ar bith ag dul ar aghaidh sna scoileanna, ach tá spás agus feighlíocht ar fáil do pháistí nach bhfuil áit ar bith eile le dul acu i rith an lae.

Bíonn Coláiste Chaitríona, scoil chuimsitheach in Ard Mhacha le 1,130 dalta san iomlán, aonad Gaeilge san áireamh, oscailte cúig lá sa tseachtain, a dúirt Séamus Mac Dhaibhéid, duine de na leas-phríomhoidí. Chuir sé in iúl go dtéann na daltaí isteach sa seomra ríomhaireachta, go bhfuil clár ama fóirsteanach leagtha amach dóibh agus go bhfuil tacaíocht ar fáil dóibh. Luaigh sé fosta go mbeidh an scoil oscailte ag an Cháisc agus go bhfuil róta do mhúinteoirí leagtha amach go deireadh na scoilbhliana.

Is beag dalta atá ag teacht isteach ar scoil, áfach. Dúirt Séamus nach raibh duine ar bith istigh Déardaoin seo caite, mar shampla. Is amhlaidh an scéal in iarthar Bhéal Feirste, dar le Caireann Uí Mhuireagáin, príomhoide Ghaelscoil na Móna.

 COTHROM NA FÉINNE: Níl teacht ag na bochta go furast ar an leathanbhanda[/caption]
3Gallery

COTHROM NA FÉINNE: Níl teacht ag na bochta go furast ar an leathanbhanda[/caption]

Luaigh Caireann fosta a thábhachtaí atá an tacaíocht atá príomhoidí ag tabhairt dá chéile trí ghrúpaí WhatsApp. “Bhí na grúpaí seo millteanach tábhachtach, go háirithe ag an tús, trí seachtaine ó shin, agus fíorghanntanas eolais agus treorach ag teacht ón Roinn Oideachais,” ar sí.

Craiceáilte


Cúig mhí ó shin, agus iad i mbun feachtasaíochta don olltoghchán, dúirt Jeremy Corbyn go gcaithfí seirbhís phoiblí a dhéanamh de leathanbhanda mear uilíoch agus “rochtain chothrom” a bheith ag gach duine air. Dúirt a chomhghleacaí John O’Donnell go gcuideodh sé le páistí a n-obair bhaile a dhéanamh i gceart. Rinne Boris Johnson beag is fiú den smaoineamh, a rá gur “scéim chraiceáilte chumannach” a bhí ann.

Féach anois go bhfuil na Tóraithe ag iompú ar bhearta a bhfuil blas an chumannachais orthu le theacht i dtarrtháil ar an phobal. Léiríonn an ghéarchéim shláinte poiblí, ar dhóigh i bhfad níos gléine ná riamh, na héagothromaíochtaí móra atá sa tsochaí. Tá páistí áirithe ann nach bhfuil rochtain acu ar an idirlíon agus nach bhfuil ríomhaire glúine, taibléad ná fón ar fáil dóibh le go dtig leo leanacht ar aghaidh lena gcuid scolaíochta.

Ní raibh smaoineamh Jeremy Corbyn craiceáilte ar chor ar bith. Cuirimis leis mar smaoineamh. Mar aon le seirbhís mhaith leathanbhanda, ba cheart don stát na gléasanna cuí a chur ar fáil do gach páiste sa dóigh nach mbeidh bac ar bith orthu ina gcuid oideachais feasta.